Tacaíocht atá ar Fáil

Fógraíonn Ealaíon na Gaeltachta scéimeanna éagsúla gach bliain: Scéim na bhFéilte, agus Scéim na bPríomhréimsí. Is féidir iarratas a dhéanamh ar an Scéim Síol (mionthograí, imeachtaí, oiliúint & ar eile) am ar bith. Tá gach eolas ar scéimeanna Ealaín na Gaeltachta le fáil óna háisitheoirí Ealaíne.

  • Oíche Chultúir sa Ghaeltacht – 2017

    Deadline: Friday 14th July 2017/Spriocdháta: Dé hAoine, 14 Iúil 2017.

    Tá Ealaín na Gaeltachta ag lorg léirithe suime do thograí a bheidh mar chuid
    d’Oíche Chultúir sa Ghaeltacht 2017, Dé hAoine 22 Meán Fómhair 2017

    Níl aon teorann leis na himeachtaí go bhféadfaí a reáchtáil don Oíche Chultúir ach cuirfidh muid fáilte faoi leith i mbliana roimh smaointe agus imeachtaí leis an téama “Guth go Dubh”- samhlaigh imeachtaí a bhaineann leis an nguth fisiciúil, guth an cheantar, guth na hamhráin, guth na litríochta, guth an tírdhreach, nó guthanna de chineálacha eile.

    Is ócáid ollmhór bliantúil í an Oíche Chultúir a thugann ardán do shaol cultúrtha na tíre seo agus a thugann deis faoi leith do shaoránaigh na tíre freastal ar imeachtaí cultúrtha, ealaíona, agus oidhreachta saor in aisce in aon tráthnóna amháin óna 5.in ar aghaidh.

    Spriocdháta: Dé hAoine, 14 Iúil 2017.
    Foirm Iarratais Oíche Chultúir 2017

    Breis eolais agus foirmeacha iarratais le fáil ó hÁisitheoirí Ealaíon, Ealaín na Gaeltachta (Teo). Sonraí le fáil ar www.ealain.ie

    • Tuilleadh eolais agus foirm iarrtais le fáil óna háisitheoirí ealaíne.

  • Scéim Sparánachta Ealaín na Gaeltachta 2017

    Spriocdháta: 29 Meán Fómhair 2017

    Fill go luath do shonraí Scéim 2017.
    Scéim Sparánachta sna hEalaíon: Scéim atá dírithe ar thacaíocht a chur ar fáil d’Ealaíontóirí i bhforbairt a gcleachtas ealaíona.
    Scéim Sparánachta Critéir 2016
    Scéim Sparánachta Foirm Iarratais 2016
    Spriocdháta: Dé hAoine 29 Meán Fómhair 2017.

    Tuilleadh eolais maidir le foirm iarratais, critéar srl. ar fáil ó na hÁisitheoirí Ealaíon ag na seoltaí thíos nó ar www.ealain.ie :

    • Tuilleadh eolais agus foirm iarrtais le fáil óna háisitheoirí ealaíne.

  • Scéim Forbartha na nEalaíon – Síol

    Tá an scéim seo oscailte/The scheme is open

    Scéim Forbartha na nEalaíon – Síol: Cuirfear fáilte roimh iarratais ó dhaoine aonair agus ó ghrúpaí ar suim leo mionthionscadail nó tosaíochta ealaíon a fhorbairt. (m.sh, forbairt gairme agus oiliúint faoi leith, tacaíocht le seoladh dlúthdhiosca, réiteach taispeántais, trealamh, cothú imeachtaí beaga, féilte beaga ealaíona, srl). Spriocdháta leanúnach.

    • Tuilleadh eolais agus foirm iarrtais le fáil óna háisitheoirí ealaíne.

  • Scéim na bPríomhréismí, 2017

    Spriocdháta: 7 Aibreán 2017

    Scéim faoinar ndéantar forbairt straitéiseach ar ghnéithe éagsúla a chuirfidh le hinfreastruchtúr na n-ealaíon sa Ghaeltacht’ *Tá leibhéal maoinithe na scéime seo teoranta agus tabharfar tús áite do na tograí sin atá ag feidhmiú faoin scéim seo cheana féin.

    .

    Tuilleadh eolas le fáil ón aisitheoirí ealaíne.

Free Web Hosting