Drámadóir Cónaitheach na Gaeltachta faoi lán tSeoil
Tá Drámadóir Cónaitheach Ealaín na Gaeltachta Teo, Beartla Ó Flatharta ar an mbóthar le cúpla mí anuas agus é ag tabhairt an-spreagadh agus comhairle do chumainn drámaíochta pobail ó cheann ceann na Gaeltachta, ag tacú leo barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna drámaíochta.
Léiritheoir, teicneoir agus scríbhneoir amharclannaíochta gairmiúil, ní strainséir é Beartla Ó Flatharta i measc pobail drámaíochta na Gaeltachta agus na Gaeilge. Tá blianta caite aige ag plé le cúrsaí drámaíochta agus taithí na mblianta aige mar mholtóir, mar áisitheoir agus mar theagascóir drámaíochta le daoine óga & le daoine fásta.
Bronnadh gradaim éagsúla air thar na mblianta, gradaim léiritheoireachta agus aisteoireachta ag féilte drámaíochta áitiúla & náisiúnta leis an gComhlachas Náisiúnta Drámaíochta, ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus tá gradaim bainte amach aige do scoileanna ag Féilte Scoildrámaíochta, áitiúil, réigiúnda & náisiúnta chomh maith.
Baineann an Drámadóir Cónaitheach leis an togra Garraí an Ghiorria, togra a d’eascair as maoiniú a bhronn An Chomhairle Ealaíon ar Ealaín na Gaeltachta (Teo) agus ar a bpáirtnéirí, Comhairle Chontae Dhún na nGall, Lár Ionad Léiriúcháin agus Drámaíochta in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe, le dul i mbun togra straitéiseach dírithe ar fhorbairt ealaíontóirí Gaeltachta sna taibhealaín agus ar chothú na drámaíochta Gaeilge.
Tá an-ghliondar ar Ealaín na Gaeltachta Teo a bheith ag obair le Beartla Ó Flatharta agus beidh Beartla páirteach ins an gcéad ghné eile den togra a bheidh ag tarlú i Mí Deireadh Fómhair seo chugainn. Beidh deis anseo do dhá thaibhealaíontóir gairmiúla déag as an Ghaeltacht nó a bhfuil Gaeilge acu theacht le chéile do dhá chlár spreagúla drámaíochta, ceann faoi stiúir Micheal Keegan Dolan ó Fabulous Beast/ Teaċ Daṁsa agus ceann leis an gcomhlacht amharclainne, Song of The Goat, ón Pholainn.
Breis eolais: Ealaín na Gaeltachta Teo ag 091503100 ealain@udaras.ie