Tuairisc ar an gcomhoibriú idir phobal miontheangacha leis na gComharsan Ceilteacha. Is iad Mike Llewellyn (Comharsan Ceilteacha agus Marie Mahon (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh) na húdair.
Tuairisc ar an gcomhoibriú idir phobal miontheangacha leis na gComharsan Ceilteacha. Is iad Mike Llewellyn (Comharsan Ceilteacha agus Marie Mahon (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh) na húdair.
Ealaín na Gaeltachta i gcomhar leis an rannóg cumarsáide, Acadamh na hOllscolaíochta, Gaoth Dobhair.
Is é cuspóir an chúrsa nó rannpháirtithe a chumasú le gearrfhíseáin a thaifeadadh, eagarthóireacht a dhéanamh agus ábhar físe a chur in oiriúint do na meáin shóisialta (youtube, facebook, srl.).
Foghlaimeoidh na rannpháirtithe conas scéal a phleanáil; Scileanna ceamara; Bunscileanna agus teicnící a bhaineann le taifead (ceamara, fuaim, soilsiú, srl.); Taifid ar na hardáin éagsúla (DSLR, gnáthcheamara físeáin; fóin phóca; srl.);Eagarthóireacht; Conas físeáin a uaslódáil ar-líne & na bealaí is fearr chun aird a tharraingt orthu ar an idirlíon.
Cúrsa dhá lá atá i gceist. Beidh sé ar siúl in dhá ionad éagsúil
Dé Máirt 17 Samhain: Brú Óige an Earagail, Dun Lúiche @9.30 am
Dé Céadaoin 18 Samhain: Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaoth Dobhair@9.30 am
Aonad 1 Páirc Ghnó an Fhál Carraigh agus i láthair éagsúla ar fud an bhaile.
Dé Satharn 23 Iúil agus Domhnach 24 Iúil.
Dealbha áille, lasta lonnaithe in aonad tionsclaíochta – is tionscadal nua é seo don Cosan Glas. Cuireann An Cosán Glas taispeántas den scoth ar siúl, i láthair draíochta. Mealltar na céadta daoine go dtí a gcuid taispeántas agus cuireann na dealbha an lucht féachana faoi gheasa ! Beidh an taispeantas seo mar cheann de bhuacphointí Festifál, Féile an Fhál Carraigh.
An Spideál, Co. na Gaillimhe
Dé hAoine 1 – Domhnach 3 Iúil, 2016..
Is é seo an cúigiú bliain ag an bhFéile Traidphicnic, féile ceoil thraidisiúnta faoin aer atá suite timpeall Ceardlann an Spidéil. Tá na himeachtaí ar fad saor in aisce agus tá fáilte roimh chuile dhuine teacht agus taitneamh a bhaint as na gigeanna, na seisiúin cois tine, na himeachtaí ealaíon, na taispeántais agus na himeachtaí ildánacha eile.
I measc na gceoltóirí a bheidh páirteach tá: Noel Hill agus Steve Cooney, Kila, Don Stiffe & Cairde, clann uí hIarnáin, Porterheadagus go leor eile. Tá clár láidir ealaíona curtha le chéile freisin.
An Daingean, Co. Chiarraí.
28 Aibreáin -2 Bealtaine, 2016.
Cuireann Féile na Bealtaine le healaíona agus le saibhreas culthúra na leithinise. Is í ardaidhm na féile ná ár léaslínte ealaíne a leathnú agus siamsaíocht a chur ar fáil do chách. Is iad aidhmeanna eile na féile ná an oidhreacht seo a chur chun cinn agus fáilte a chur roimh ealaín agus ealaíontóirí ó áiteanna éagsúla in Éirinn agus ar domhan.
Is féidir iarratais a dhéanamh ar an scéim seo am ar bith sa bhliain.
Scéim leanúnach straitéiseach dírithe ar shíolrú na nealaíon sa Ghaeltacht. Mar shampla: tacaíocht do sheoladh imeachtaí, réiteach taispeántas, forbairt gairme, cothú ócáidí agus imeachtaí beaga a chuirfeadh le forbairt na nealaíon trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht.
Uasmhéid maoinithe €1,500.
Tuilleadh eolais agus foirm iarratais le fáil óna áisiteoirí ealaíne:-
Spriocdháta: Dé Luain 2 Márta, 2015.
Scéim faoinár ndéantar forbairt straitéiseach ar ghnéithe éagsúla a chuirfidh le hinfreastruchtúr na n-ealaíon sa Ghaeltacht’ *Tá leibhéal maoinithe na scéime seo teoranta agus tabharfar tús áite do na tograí sin atá ag feidhmiú faoin scéim seo cheana féin.
Foirm iarratais agus critéar le fáil anseo:
Scéim na bPríomhréimsí 2015 Criteria and Application Form
Tuilleadh eolais le fáil óna áisiteoirí ealaíne:-