Nuacht

Oíche Chultuir sa Ghaeltacht – 2017

Oíche Chultúir sa GhaeltachtTá Ealaín na Gaeltachta ag lorg léirithe suime do thograí a bheidh mar chuid
d’Oíche Chultúir sa Ghaeltacht 2017, Dé hAoine 22 Meán Fómhair 2017

Níl aon teorann leis na himeachtaí go bhféadfaí a reáchtáil don Oíche Chultúir ach cuirfidh muid fáilte faoi leith i mbliana roimh smaointe agus imeachtaí leis an téama “Guth go Dubh”- samhlaigh imeachtaí a bhaineann leis an nguth fisiciúil, guth an cheantar, guth na hamhráin, guth na litríochta, guth an tírdhreach, nó guthanna de chineálacha eile.

Is ócáid ollmhór bliantúil í an Oíche Chultúir a thugann ardán do shaol cultúrtha na tíre seo agus a thugann deis faoi leith do shaoránaigh na tíre freastal ar imeachtaí cultúrtha, ealaíona, agus oidhreachta saor in aisce in aon tráthnóna amháin óna 5.in ar aghaidh.

Spriocdháta: Dé hAoine, 14 Iúil 2017.

Foirm Iarratais Oíche Chultúir 2017

Breis eolais agus foirmeacha iarratais le fáil ó hÁisitheoirí Ealaíon, Ealaín na Gaeltachta (Teo). Sonraí le fáil ar www.ealain.ie


Drámadóir Cónaitheach na Gaeltachta faoi lán tSeoil

Beartla O FlathartaTá Drámadóir Cónaitheach Ealaín na Gaeltachta Teo, Beartla Ó Flatharta ar an mbóthar le cúpla mí anuas agus é ag tabhairt an-spreagadh agus comhairle do chumainn drámaíochta pobail ó cheann ceann na Gaeltachta, ag tacú leo barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna drámaíochta.

Léiritheoir, teicneoir agus scríbhneoir amharclannaíochta gairmiúil, ní strainséir é Beartla Ó Flatharta i measc pobail drámaíochta na Gaeltachta agus na Gaeilge. Tá blianta caite aige ag plé le cúrsaí drámaíochta agus taithí na mblianta aige mar mholtóir, mar áisitheoir agus mar theagascóir drámaíochta le daoine óga & le daoine fásta.

Bronnadh gradaim éagsúla air thar na mblianta, gradaim léiritheoireachta agus aisteoireachta ag féilte drámaíochta áitiúla & náisiúnta leis an gComhlachas Náisiúnta Drámaíochta, ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus tá gradaim bainte amach aige do scoileanna ag Féilte Scoildrámaíochta, áitiúil, réigiúnda & náisiúnta chomh maith.

Baineann an Drámadóir Cónaitheach leis an togra Garraí an Ghiorria, togra a d’eascair as maoiniú a bhronn An Chomhairle Ealaíon ar Ealaín na Gaeltachta (Teo) agus ar a bpáirtnéirí, Comhairle Chontae Dhún na nGall, Lár Ionad Léiriúcháin agus Drámaíochta in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe, le dul i mbun togra straitéiseach dírithe ar fhorbairt ealaíontóirí Gaeltachta sna taibhealaín agus ar chothú na drámaíochta Gaeilge.

Tá an-ghliondar ar Ealaín na Gaeltachta Teo a bheith ag obair le Beartla Ó Flatharta agus beidh Beartla páirteach ins an gcéad ghné eile den togra a bheidh ag tarlú i Mí Deireadh Fómhair seo chugainn. Beidh deis anseo do dhá thaibhealaíontóir gairmiúla déag as an Ghaeltacht nó a bhfuil Gaeilge acu theacht le chéile do dhá chlár spreagúla drámaíochta, ceann faoi stiúir Micheal Keegan Dolan ó Fabulous Beast/ Teaċ Daṁsa agus ceann leis an gcomhlacht amharclainne, Song of The Goat, ón Pholainn.

Breis eolais: Ealaín na Gaeltachta Teo ag 091503100 ealain@udaras.ie


Rachel Holstead ceaptha mar Áisitheoir Ealaíon do Ghaeltacht na Mumhan

Tá áthas ar Ealaín (na Gaeltachta) Teo a fhógairt go bhfuil an Dr. Rachel Holstead ceaptha aige mar Áisitheoir Ealaíon i nGaeltacht na Mumhan. Is as Ceann Trá i gceantar Chorca Dhuibhne do Rachel ó dhúchas. Is cumadóir ceoil aitheanta í agus chaith sí tréimhse ag obair leis an Chomhairle Ealaíon agus mar chomhairleoir ealaíon neamhspleách. Bhí sí ar bhord an Cheoláras Náisiúnta agus tá sí gníomhach i dtograí ealaíon áitiúla ina ceantar dúchais. Chaith Rachel tréimhse ag feidhmiú mar Áisitheoir Ealaíon i dTír Chonaill le cúpla mí anuas.

Guímíd gach rath ar Rachel ina post nua.

Gach eolas: 074 9560100
R-phost: ealain@udaras.ie
Pictiúr faoi iamh tógtha ag Clare Mulvany


Féile na Bealtaine 2017

Aibreán 27 – Bealtaine 1

Bíonn a fhios againn go bhfuil an samhradh ag teacht is Féile na Bealtaine ag druidim linn. Tá clár spleodrach ann arís i mbliana is treaslaímid leis an bhfoireann deonach a reáchtáileann é. Beidh saibhreas ealaíne le ghach dhath agus crut le feiscint, cloisint agus bhraiscint. Bí ann is bain sult as! http://feilenabealtaine.ie/home/


Cruinniú na bhFliúit 2017

Tá Cruinniú na bhFliúit ar siúl i mBaile Bhúirne arís an Cháisc seo ó Aibreán 20-22. Céiliúradh ceoil, comhluadar, uirlis agus ceoltóirí, ‘s fáilte roimh chách. Gach eolas ó http://www.flutemeet.org/Flutemeet/Welcome.html


30 Bliain – Ealaíontóir – Áit sa Ghailearaí

Beidh an taispeántas camchuairte 30 Bliain – Ealaíontóir – Áit sa Ghailearaí i bPáirc Ghnó Ghaoth Dobhair ón Satharn 8ú Aibreán. Is taispeántas ilgnéitheach é seo a chéiliúrann 30 bhliain d’oifigí ealaíon ar fud na tire. Tógann sé ar chamchuairt áit, am agus ealaíona sinn le áilleacht, ábhar macnaimh agus greann. Beidh an oscailt oifigiúil ag 8in ar Satharn 8ú Aibreán agus leanfaidh an taispeántas ina dhiadh san. Tabharfaidh an file Cathal Ó Searcaigh caint dár teideal ‘Dúchas na hÁite’ ar an gCéadaoin 19ú Aibreán ag a 7in faoin dtógra Caiseal na gCorr – comhoibriú le Jan Voster – a bhfuil gné do mar chuid den dtaispeántas.


Folúntas: Áisitheoir Ealaíon do Ghaeltacht na Mumhan

Ealaín na Gaeltachta Teo. ag tairiscint post ar chonradh mar Áisitheoir Ealaíon i nGaeltacht na Mumhan. Beidh an té a cheapfar lonnaithe in oifig Údarás na Gaeltachta sa Daingean agus beidh sé de chúram air / uirthi tógáil ar an chlár oibre ealaíon atá i bhfeidhm cheana féin sa réigiún agus straitéis d’Fhorbairt na nEalaíon sa Ghaeltacht a fheidhmiú de réir na dtreoracha atá aontaithe. Tá sonraí poist ar fáil ar iarratas ach teagmháil a dhéanamh le hEalaín na Gaeltachta.  Teil.:  (074) 95 60100 R-phost: ealain@udaras.ie

Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine le cáilíochtaí i riaracháin na n-ealaíon nó cáilíochtaí ábhartha tríú leibhéal eile, mar aon le taithí dhá bhliain ar a laghad i bhforbairt agus i gcur chun cinn na n-ealaíon.

Ní mór d’iarratasóirí na scileanna / tréithe / an taithí seo a leanas a bheith acu:

  • líofacht Gaeilge labhartha agus cruinneas Gaeilge scríofa
  • saineolas i gcúrsaí riaracháin agus forbairt na n-ealaíon
  • saineolas ar chomhthéacs agus polasaithe do na healaíona in Éirinn
  • saineolas i láimhseáil agus ag obair sna meáin digiteach
  • cumas maith eagrúcháin agus riaracháin
  • sárscileanna cumarsáide
  • sárscileanna ríomhaireachta
  • tuiscint ar chuntasaíocht / leabharchoimeád
  • ceadúnas glan tiomána

Íocfar tuarastal de réir cáilíochtaí agus taithí.

Seol iarratas, mar aon le CV, chuig:

An Rúnaí, Ealaín na Gaeltachta Teo., Údarás na Gaeltachta, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair,

Doire Beaga, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall tráth nach déanaí ná 4.00 i.n. ar an Aoine,  

7ú Aibreán 2016.

Teil.: (074) 95 60100        R-phost: ealain@udaras.ie


Deis tabhachtach dos na healaíon traidisiúnta

Tá Dámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis de chuid an Chomhairle Ealaíon oscailte do thograí ó gach réimse de na healaíona traidisiúnta (ceol, amhránaíocht agus rince traidisiúnta agus na healaíona béil, cosúil le scéalaíocht agus agallamh beirte). Is é Déardaoin an 6ú Aibreáin an spriocdháta. Gach eolas ón suíomh:

http://www.artscouncil.ie/Funds/deis-recording-award/


Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal ó Create

Scéim na nealaíontóirí sa phobal, scéim a thabharfainn deis d’ealaíontóirí agus pobail áite/spéise dhul i mbun oibre le chéile ar thionscadail. Tá an scéim á bainistiú ag Create, an ghníomhaireacht forbartha náisiúnta um ealaíona comhoibríocha.
Spriocdháta: Dé Luain, 27 Márta 2017
Tabhair cuairt ar rannán Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal ag www.create-ireland.ie chun tuilleadh sonraí a fháil;
support@create-ireland.ie nó glaoigh ar 01-4736600


Ceardlann Agallamh Beirte & Lúibíní i gCorca Dhuibhne

Beidh an dara cheardlann atá a reáchtáil ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne ar siúl ón Aoine go dtí’n Satharn seo 24-25 Márta i mBaile an Fheirtéaraigh sa Lárionad Gaeilge agus Gaeltachta. Ceardlann a thabharfaidh deis do rannpháirtithe taithí praiticiúil a fháil i mbun cumadh na nAgallamh Fileata. Is ceardlann do dhaoine fásta é seo.
Stiúrthóirí Breanndán Mac Gearailt agus Aodh Ó Dómhnaill
Gach eolas ó Mháire – 066 9156100.


Free Web Hosting