Imeachtaí

Féile na Bealtaine 2017

Aibreán 27 – Bealtaine 1

Bíonn a fhios againn go bhfuil an samhradh ag teacht is Féile na Bealtaine ag druidim linn. Tá clár spleodrach ann arís i mbliana is treaslaímid leis an bhfoireann deonach a reáchtáileann é. Beidh saibhreas ealaíne le ghach dhath agus crut le feiscint, cloisint agus bhraiscint. Bí ann is bain sult as! http://feilenabealtaine.ie/home/


Cruinniú na bhFliúit 2017

Tá Cruinniú na bhFliúit ar siúl i mBaile Bhúirne arís an Cháisc seo ó Aibreán 20-22. Céiliúradh ceoil, comhluadar, uirlis agus ceoltóirí, ‘s fáilte roimh chách. Gach eolas ó http://www.flutemeet.org/Flutemeet/Welcome.html


30 Bliain – Ealaíontóir – Áit sa Ghailearaí

Beidh an taispeántas camchuairte 30 Bliain – Ealaíontóir – Áit sa Ghailearaí i bPáirc Ghnó Ghaoth Dobhair ón Satharn 8ú Aibreán. Is taispeántas ilgnéitheach é seo a chéiliúrann 30 bhliain d’oifigí ealaíon ar fud na tire. Tógann sé ar chamchuairt áit, am agus ealaíona sinn le áilleacht, ábhar macnaimh agus greann. Beidh an oscailt oifigiúil ag 8in ar Satharn 8ú Aibreán agus leanfaidh an taispeántas ina dhiadh san. Tabharfaidh an file Cathal Ó Searcaigh caint dár teideal ‘Dúchas na hÁite’ ar an gCéadaoin 19ú Aibreán ag a 7in faoin dtógra Caiseal na gCorr – comhoibriú le Jan Voster – a bhfuil gné do mar chuid den dtaispeántas.


Ceardlann Agallamh Beirte & Lúibíní i gCorca Dhuibhne

Beidh an dara cheardlann atá a reáchtáil ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne ar siúl ón Aoine go dtí’n Satharn seo 24-25 Márta i mBaile an Fheirtéaraigh sa Lárionad Gaeilge agus Gaeltachta. Ceardlann a thabharfaidh deis do rannpháirtithe taithí praiticiúil a fháil i mbun cumadh na nAgallamh Fileata. Is ceardlann do dhaoine fásta é seo.
Stiúrthóirí Breanndán Mac Gearailt agus Aodh Ó Dómhnaill
Gach eolas ó Mháire – 066 9156100.


Taispeántas dealbhóireachta leis an Cosán Glas

An Cosán Glas – Cosán dealbhóireachta

Aonad 1 Páirc Ghnó an Fhál Carraigh agus i láthair éagsúla ar fud an bhaile.

Dé Satharn 23 Iúil agus Domhnach 24 Iúil.

Dealbha áille, lasta lonnaithe in aonad tionsclaíochta – is tionscadal nua é seo don Cosan Glas. Cuireann An Cosán Glas taispeántas den scoth ar siúl, i láthair draíochta. Mealltar na céadta daoine go dtí a gcuid taispeántas agus cuireann na dealbha an lucht féachana faoi gheasa ! Beidh an taispeantas seo mar cheann de bhuacphointí Festifál, Féile an Fhál Carraigh.

cosan glas7


Scoil Acla 2016

23-30 Iúil, 2016.

Scoil samhraidh is ea Scoil Acla a chuireann teagasc ar fáil sa cheol, sna healaíona agus sa chultúr traidisiúnta Gaelach. Sa bhliain 1910 a bunaíodh an chéad Scoil Acla, agus tá an t-imeacht á reáchtáil gach bliain ó cuireadh tús leis in athuair i 1985.
Cuireann Scoil Acla teagasc den scoth ar fáil i réimse disciplíní do dhaoine óga agus aosta agus daoine le cumas éagsúla. i measc na n-uirlísí a bhíonn á dteagasc tá an crúit, an fheadóg stáin, an fhidil, an fheadóg mhór, na píb uilleann, an bainseó, bodhrán,consartín agus an bosca ceoil. Bíonn ceardlann do scríbhneoirí ar siúl, chomh maith le cúrsaí sna healaíona súl.

Scoil Acla. 23 - 30 Iúil, 2016


Free Web Hosting