Faoi Ealaín na Gaeltachta
“Tá an saol mór lán den fhilíocht ag an té dar dual a thuigbheáil agus ní thráfaidh an tobar go deo na ndeor.”
Seosamh Mac Grianna, Mo Bhealach Féin
Is ar mhaithe le forbairt na nEalaíon Dúchasach agus Comhaimseartha sa Ghaeltacht a cuireadh tús le comhpháirtíocht idir Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon i 1997.
Bunaíodh Ealaín na Gaeltachta Teo., fochomhlacht de chuid an Údaráis, le Plean Ealaíon don Ghaeltacht a chur i gcrích. An tÚdaras agus An Chomhairle Ealaíon a dhéanann cómhaoiniú ar an gcomhlacht seo. Tá triúir Áisitheoirí Ealaíon fostaithe ag Ealaín na Gaeltachta sna ceantair Ghaeltachta (Réigiún an Iarthair, an Tuaiscirt agus an Deiscirt), le tacú le healaíontóirí agus le heagraíochtaí ealaíona barr feabhais a chur ar a gcuid tionscnamh. Tá Feidhmeannach Ealaíne fostaithe ag an Údarás agus tá sé freagrach as comhordú a dhéanamh ar an gclár forbartha ealaíne.
Foireann Ealaín na Gaeltachta
Áisitheoir Ealaíne, Dún na nGall
Rachel Holstead
Ríomhphost:- r.holstead@udaras.ie
Teil:- 074 95 60100
Áisitheoir Ealaíne:Cúige Chonnachta & Co. na Mí
Muireann Ní Dhroighneáin
Ríomhphost:- m.nidhroighneain@udaras.ie
Teil:- 091 503 100
Áisitheoir Ealaíne – Cúige Mumhan
Eibhlín De Paor
Ríomhphost:- e.depaor@udaras.ie
Teil:- 0066 9150100 / 026 45366
Bord Stiúrtha Ealáin na Gaeltacha
Micheál Ó Fearraigh
Is feidhmeananch Ealaíona le hÚdarás na Gaeltachta é Micheál.
Ríomhphost:- m.fearraigh@udaras.ie
Teil:- 074 95 60100
Siún Nic Grianna
Is Bainisteoir Cumarsáide agus Margaíochta le hÚdarás na Gaeltachta í Siún. Is as Rann na Feirste i nGaeltacht Dhún na nGall í.
Ríomhphost:- sng@udaras.ie
Teil:- 091 503219
Daithí Alcorn
Toghadh Daithí Alcorn ar bhord Údarás na Gaeltachta i 1994 don chéad uair. Bhí sé ina chomhairleoir ar Chomhairle Chontae Dhún na nGall go dtí 2014. Tá Daithí ina bhall de L.A.M.A.
Ríomhphost:- davidalcorn99@gmail.com
Teil:- 074 9542087
Micheál Mac Giolla Easpaig
Is as Gleann Cholm Cille é Micheál. Tá sé ag obair le hÚdarás na Gaeltachta agus é ina Bhainisteoir Réigiúnach ar Oifig Dhún na nGall.
Ríomhphost:- mmge@udaras.ie
Teil:- 074 9558024