Ealaín na Gaeltachta i gcomhar leis an rannóg cumarsáide, Acadamh na hOllscolaíochta, Gaoth Dobhair.
Is é cuspóir an chúrsa nó rannpháirtithe a chumasú le gearrfhíseáin a thaifeadadh, eagarthóireacht a dhéanamh agus ábhar físe a chur in oiriúint do na meáin shóisialta (youtube, facebook, srl.).
Foghlaimeoidh na rannpháirtithe conas scéal a phleanáil; Scileanna ceamara; Bunscileanna agus teicnící a bhaineann le taifead (ceamara, fuaim, soilsiú, srl.); Taifid ar na hardáin éagsúla (DSLR, gnáthcheamara físeáin; fóin phóca; srl.);Eagarthóireacht; Conas físeáin a uaslódáil ar-líne & na bealaí is fearr chun aird a tharraingt orthu ar an idirlíon.
Cúrsa dhá lá atá i gceist. Beidh sé ar siúl in dhá ionad éagsúil
Dé Máirt 17 Samhain: Brú Óige an Earagail, Dun Lúiche @9.30 am
Dé Céadaoin 18 Samhain: Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaoth Dobhair@9.30 am
Táille: €70 per group. (Uasmhéad ceathrar duine an grúpa ). Duine aonair: €25
Tuilleadh eolais ó Micheál Mac Aoidh :- m.macaoidh@udaras.ie
Teileafón:- +353 (0)74 95 58025
Tá clár na n-imeachtaí le fáil ar PDF ag: Cúrsa físeáin d’eagraíochtaí ealaíne & cultúrtha i nDún na nGall.