23-30 Iúil, 2016.
Scoil samhraidh is ea Scoil Acla a chuireann teagasc ar fáil sa cheol, sna healaíona agus sa chultúr traidisiúnta Gaelach. Sa bhliain 1910 a bunaíodh an chéad Scoil Acla, agus tá an t-imeacht á reáchtáil gach bliain ó cuireadh tús leis in athuair i 1985. Cuireann Scoil Acla teagasc den scoth ar fáil i réimse disciplíní do dhaoine óga agus aosta agus daoine le cumas éagsúla. i measc na n-uirlísí a bhíonn á dteagasc tá an crúit, an fheadóg stáin, an fhidil, an fheadóg mhór, na píb uilleann, an bainseó, bodhrán,consartín agus an bosca ceoil. Bíonn ceardlann do scríbhneoirí ar siúl, chomh maith le cúrsaí sna healaíona súl.

Tuilleadh eolais ar chlár 2013 le fáil ag:- Suíomh Idirlíon – Scoil Acla