Infocus
Oíche Chultuir sa Ghaeltacht – 2017
Tá Ealaín na Gaeltachta ag lorg léirithe suime do thograí a bheidh mar chuid
d’Oíche Chultúir sa Ghaeltacht 2017, Dé hAoine 22 Meán Fómhair 2017
Níl aon teorann leis na himeachtaí go bhféadfaí a reáchtáil don Oíche Chultúir ach cuirfidh muid fáilte faoi leith i mbliana roimh smaointe agus imeachtaí leis an téama “Guth go Dubh”- samhlaigh imeachtaí a bhaineann leis an nguth fisiciúil, guth an cheantar, guth na hamhráin, guth na litríochta, guth an tírdhreach, nó guthanna de chineálacha eile.
Is ócáid ollmhór bliantúil í an Oíche Chultúir a thugann ardán do shaol cultúrtha na tíre seo agus a thugann deis faoi leith do shaoránaigh na tíre freastal ar imeachtaí cultúrtha, ealaíona, agus oidhreachta saor in aisce in aon tráthnóna amháin óna 5.in ar aghaidh.
Spriocdháta: Dé hAoine, 14 Iúil 2017.
Foirm Iarratais Oíche Chultúir 2017
Breis eolais agus foirmeacha iarratais le fáil ó hÁisitheoirí Ealaíon, Ealaín na Gaeltachta (Teo). Sonraí le fáil ar www.ealain.ie
- Posted in Festivals, Infocus, News
- Continue Reading »
Drámadóir Cónaitheach na Gaeltachta faoi lán tSeoil
Tá Drámadóir Cónaitheach Ealaín na Gaeltachta Teo, Beartla Ó Flatharta ar an mbóthar le cúpla mí anuas agus é ag tabhairt an-spreagadh agus comhairle do chumainn drámaíochta pobail ó cheann ceann na Gaeltachta, ag tacú leo barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna drámaíochta.
Léiritheoir, teicneoir agus scríbhneoir amharclannaíochta gairmiúil, ní strainséir é Beartla Ó Flatharta i measc pobail drámaíochta na Gaeltachta agus na Gaeilge. Tá blianta caite aige ag plé le cúrsaí drámaíochta agus taithí na mblianta aige mar mholtóir, mar áisitheoir agus mar theagascóir drámaíochta le daoine óga & le daoine fásta.
Bronnadh gradaim éagsúla air thar na mblianta, gradaim léiritheoireachta agus aisteoireachta ag féilte drámaíochta áitiúla & náisiúnta leis an gComhlachas Náisiúnta Drámaíochta, ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus tá gradaim bainte amach aige do scoileanna ag Féilte Scoildrámaíochta, áitiúil, réigiúnda & náisiúnta chomh maith.
Baineann an Drámadóir Cónaitheach leis an togra Garraí an Ghiorria, togra a d’eascair as maoiniú a bhronn An Chomhairle Ealaíon ar Ealaín na Gaeltachta (Teo) agus ar a bpáirtnéirí, Comhairle Chontae Dhún na nGall, Lár Ionad Léiriúcháin agus Drámaíochta in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe, le dul i mbun togra straitéiseach dírithe ar fhorbairt ealaíontóirí Gaeltachta sna taibhealaín agus ar chothú na drámaíochta Gaeilge.
Tá an-ghliondar ar Ealaín na Gaeltachta Teo a bheith ag obair le Beartla Ó Flatharta agus beidh Beartla páirteach ins an gcéad ghné eile den togra a bheidh ag tarlú i Mí Deireadh Fómhair seo chugainn. Beidh deis anseo do dhá thaibhealaíontóir gairmiúla déag as an Ghaeltacht nó a bhfuil Gaeilge acu theacht le chéile do dhá chlár spreagúla drámaíochta, ceann faoi stiúir Micheal Keegan Dolan ó Fabulous Beast/ Teaċ Daṁsa agus ceann leis an gcomhlacht amharclainne, Song of The Goat, ón Pholainn.
Breis eolais: Ealaín na Gaeltachta Teo ag 091503100 ealain@udaras.ie
- Posted in Infocus, News, Training
- Continue Reading »
Rachel Holstead appointed as Arts Facilitator for the Munster Gaeltacht
Tá áthas ar Ealaín (na Gaeltachta) Teo a fhógairt go bhfuil an Dr. Rachel Holstead ceaptha aige mar Áisitheoir Ealaíon i nGaeltacht na Mumhan. Is as Ceann Trá i gceantar Chorca Dhuibhne do Rachel ó dhúchas. Is cumadóir ceoil aitheanta í agus chaith sí tréimhse ag obair leis an Chomhairle Ealaíon agus mar chomhairleoir ealaíon neamhspleách. Bhí sí ar bhord an Cheoláras Náisiúnta agus tá sí gníomhach i dtograí ealaíon áitiúla ina ceantar dúchais. Chaith Rachel tréimhse ag feidhmiú mar Áisitheoir Ealaíon i dTír Chonaill le cúpla mí anuas.
Guímíd gach rath ar Rachel ina post nua.
Gach eolas: 074 9560100
R-phost: ealain@udaras.ie
Pictiúr faoi iamh tógtha ag Clare Mulvany
- Posted in Infocus, News
- Continue Reading »
Féile na Bealtaine 2017
Aibreán 27 – Bealtaine 1
Bíonn a fhios againn go bhfuil an samhradh ag teacht is Féile na Bealtaine ag druidim linn. Tá clár spleodrach ann arís i mbliana is treaslaímid leis an bhfoireann deonach a reáchtáileann é. Beidh saibhreas ealaíne le ghach dhath agus crut le feiscint, cloisint agus bhraiscint. Bí ann is bain sult as! http://feilenabealtaine.ie/home/
- Posted in Ceol, Dance, Events, Festivals, Visual Arts, Infocus, News
- Continue Reading »
Cruinniú na bhFliúit 2017
Tá Cruinniú na bhFliúit ar siúl i mBaile Bhúirne arís an Cháisc seo ó Aibreán 20-22. Céiliúradh ceoil, comhluadar, uirlis agus ceoltóirí, ‘s fáilte roimh chách. Gach eolas ó http://www.flutemeet.org/Flutemeet/Welcome.html
30 Bliain – Ealaíontóir – Áit sa Ghailearaí
Beidh an taispeántas camchuairte 30 Bliain – Ealaíontóir – Áit sa Ghailearaí i bPáirc Ghnó Ghaoth Dobhair ón Satharn 8ú Aibreán. Is taispeántas ilgnéitheach é seo a chéiliúrann 30 bhliain d’oifigí ealaíon ar fud na tire. Tógann sé ar chamchuairt áit, am agus ealaíona sinn le áilleacht, ábhar macnaimh agus greann. Beidh an oscailt oifigiúil ag 8in ar Satharn 8ú Aibreán agus leanfaidh an taispeántas ina dhiadh san. Tabharfaidh an file Cathal Ó Searcaigh caint dár teideal ‘Dúchas na hÁite’ ar an gCéadaoin 19ú Aibreán ag a 7in faoin dtógra Caiseal na gCorr – comhoibriú le Jan Voster – a bhfuil gné do mar chuid den dtaispeántas.
- Posted in Events, Visual Arts, Infocus, News
- Continue Reading »
Deis tabhachtach dos na healaíon traidisiúnta
Tá Dámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis de chuid an Chomhairle Ealaíon oscailte do thograí ó gach réimse de na healaíona traidisiúnta (ceol, amhránaíocht agus rince traidisiúnta agus na healaíona béil, cosúil le scéalaíocht agus agallamh beirte). Is é Déardaoin an 6ú Aibreáin an spriocdháta. Gach eolas ón suíomh:
http://www.artscouncil.ie/Funds/deis-recording-award/
Scéimeanna Ealaín na Gaeltachta 2017 fógraithe
Scéim faoinar ndéantar forbairt straitéiseach ar ghnéithe éagsúla a chuirfidh le hinfreastruchtúr na n-ealaíon sa Ghaeltacht.
*Tá leibhéal maoinithe na scéime seo teoranta agus tabharfar tús áite do na tograí sin atá ag feidhmiú faoin scéim seo cheana féin.
Spriocdháta: Dé hAoine 7 Aibreán 2017
Scéim na bhFéilte Ealaíon 2017
Cuirfear fáilte roimh iarratais ó ghrúpaí ar suim leo féilte ealaíon a fhorbairt/a sholáthar sa Ghaeltacht.
Spriocdháta: Dé hAoine 7 Aibreán 2017
Scéim Síol: (uasmhéid maoinithe €1,000).
Cuirfear fáilte roimh iarratais ó dhaoine aonair agus ó ghrúpaí ar suim leo mionthionscadail nó tosaíochta ealaíon a fhorbairt. (m.sh, forbairt gairme agus oiliúint faoi leith, tacaíocht le seoladh dlúthdhiosca, réiteach taispeántais, trealamh, cothú imeachtaí beaga, féilte beaga ealaíona, srl). Spriocdháta leanúnach.
Tuilleadh eolais maidir leis na scéimeanna seo go léir, foirm iarratais, critéar srl. ar fáil ó na hÁisitheoirí Ealaíon réigiúnacha.
- Posted in Festivals, Grant opportunities, Infocus, News
- Continue Reading »
Gáirdín an Ghiorria
Deis forbartha do dhrámaíocht na Gaeilge sa Ghaeltacht
Tá maoiniú ceadaithe ag an Chomhairle Ealaíon d’Ealaín (na Gaeltachta) Teo. i gcomhair lena bpáirtnéirí , Comhairle Chontae Dhún na nGall, Lár Ionad Léiriúcháin agus Drámaíochta in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, chun tabhairt faoi scéim forbartha i ndrámaíochta na Gaeilge. Mar pháirt den scéim seo ar a dtugtar Gáirdín an Ghiorria, tá an stiúrthóir drámaíochta, Beartla Ó Flatharta (Rua) as Conamara ceaptha mar dhrámadóir cónaitheach ar feadh bliana. Mar chuid den obair a bheas ar siúl ag Beartla le linn na bliana, beidh freastal a dhéanamh aige ar riachtanais agus forbairt ghairmiúil i léiriúcháin drámaíocht na gcumainn drámaíochta sa Ghaeltacht. Beidh na ceardlanna á gcur ar fáil saor in aisce idir Mí Márta agus Mí na Samhna 2017.
Seo thíos samplaí don tacaíocht go d’fheadfaí a chur ar fáil:
- Ceardlanna le léiritheoirí agus stiúrthóirí amharclannaíochta a fhorbairt.
- Oiliúint teicniúil, mar shampla, soilsiú agus fuaim, agus mar ar féidir an teicneolaíocht a úsáid i léiriúcháin.
- Forbairt ón script go stáitse – deis chun ábhar a thástáil. Bheadh an drámadóir Cónaitheach ag freastal ar chleachtaidh agus ag tabhairt moltaí & ceardlanna más gá le tacú le léirithe.
- Léirmheas forbartha a dhéanamh ar dhrámaí atá le dul ar stáitse.
- Ceardlanna aisteoireachta (teilgean gutha, téamh suas, stíleanna aisteoireachta agus rl)
- Oiliúint teicniúil mar shampla, soilsiú agus fuaim, agus mar ar féidir an teicneolaíocht a úsáid i léiriúcháin.
- Comhairliúcháin ar ghrúpaí , comhairliúchán 1-1 le daoine aonarach.
Beartla Ó Flatharta: Is as An Gleann Mór, An Cheathrú Rua do Bheartla. Drámadóir, léiritheoir & stiúrthóir Amharclannaíochta. Is stiúrthóir teilifíse é chomh maith. Údar drámaíochta. Meantóir & comhairleoir Drámaíochta don stáitse & teilifís. Moltóir & léirmheastóir drámaíochta ar Fhéiltí Drámaíochta leis an gComhlachas Náisiúnta Drámaíochta & Féiltí Scoildrámaíochta. Bainisteoir teicniúil & soilsitheoir. Léiritheoir ar dhrámaí don stáitse do dhaoine óga, compántais amaitéaracha & gairmiúla.
Más cumann drámaíochta Gaeltachta sibh agus suim agaibh i dtréimhse oiliúna faoi stiúir an drámadóir Beartla Ó Flatharta (Rua) téigh i dteagmháil le Áisitheoir Ealaíon, Ealaín (na Gaeltachta) Teo. i do cheantar roimh an 28 Feabhra.
- Posted in Infocus, News, Training
- Continue Reading »
Rachel Holstead appointed as Arts Facilitator for the Donegal Gaeltacht
Ealaín na Gaeltachta is delighted to announce that Rachel Holstead will be serving as Arts Facilitator for the Donegal Gaeltacht for the next year. Rachel is from Ventry in Corca Dhuibhne. She is a respected composer and spent five years as Music Adviser to the Arts Council. She also served on the bord of the National Concert Hall as well as being active in the arts in her native Kerry. We wish her every success in her new role.
- Posted in Infocus, News, Other News, Vacancies
- Continue Reading »