Gáirdín an Ghiorria
Deis forbartha do dhrámaíocht na Gaeilge sa Ghaeltacht
Tá maoiniú ceadaithe ag an Chomhairle Ealaíon d’Ealaín (na Gaeltachta) Teo. i gcomhair lena bpáirtnéirí , Comhairle Chontae Dhún na nGall, Lár Ionad Léiriúcháin agus Drámaíochta in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, chun tabhairt faoi scéim forbartha i ndrámaíochta na Gaeilge. Mar pháirt den scéim seo ar a dtugtar Gáirdín an Ghiorria, tá an stiúrthóir drámaíochta, Beartla Ó Flatharta (Rua) as Conamara ceaptha mar dhrámadóir cónaitheach ar feadh bliana. Mar chuid den obair a bheas ar siúl ag Beartla le linn na bliana, beidh freastal a dhéanamh aige ar riachtanais agus forbairt ghairmiúil i léiriúcháin drámaíocht na gcumainn drámaíochta sa Ghaeltacht. Beidh na ceardlanna á gcur ar fáil saor in aisce idir Mí Márta agus Mí na Samhna 2017.
Seo thíos samplaí don tacaíocht go d’fheadfaí a chur ar fáil:
- Ceardlanna le léiritheoirí agus stiúrthóirí amharclannaíochta a fhorbairt.
- Oiliúint teicniúil, mar shampla, soilsiú agus fuaim, agus mar ar féidir an teicneolaíocht a úsáid i léiriúcháin.
- Forbairt ón script go stáitse – deis chun ábhar a thástáil. Bheadh an drámadóir Cónaitheach ag freastal ar chleachtaidh agus ag tabhairt moltaí & ceardlanna más gá le tacú le léirithe.
- Léirmheas forbartha a dhéanamh ar dhrámaí atá le dul ar stáitse.
- Ceardlanna aisteoireachta (teilgean gutha, téamh suas, stíleanna aisteoireachta agus rl)
- Oiliúint teicniúil mar shampla, soilsiú agus fuaim, agus mar ar féidir an teicneolaíocht a úsáid i léiriúcháin.
- Comhairliúcháin ar ghrúpaí , comhairliúchán 1-1 le daoine aonarach.
Beartla Ó Flatharta: Is as An Gleann Mór, An Cheathrú Rua do Bheartla. Drámadóir, léiritheoir & stiúrthóir Amharclannaíochta. Is stiúrthóir teilifíse é chomh maith. Údar drámaíochta. Meantóir & comhairleoir Drámaíochta don stáitse & teilifís. Moltóir & léirmheastóir drámaíochta ar Fhéiltí Drámaíochta leis an gComhlachas Náisiúnta Drámaíochta & Féiltí Scoildrámaíochta. Bainisteoir teicniúil & soilsitheoir. Léiritheoir ar dhrámaí don stáitse do dhaoine óga, compántais amaitéaracha & gairmiúla.
Más cumann drámaíochta Gaeltachta sibh agus suim agaibh i dtréimhse oiliúna faoi stiúir an drámadóir Beartla Ó Flatharta (Rua) téigh i dteagmháil le Áisitheoir Ealaíon, Ealaín (na Gaeltachta) Teo. i do cheantar roimh an 28 Feabhra.