Folúntais
Folúntas: Áisitheoir Ealaíon do Ghaeltacht na Mumhan
Tá Ealaín na Gaeltachta Teo. ag tairiscint post ar chonradh mar Áisitheoir Ealaíon i nGaeltacht na Mumhan. Beidh an té a cheapfar lonnaithe in oifig Údarás na Gaeltachta sa Daingean agus beidh sé de chúram air / uirthi tógáil ar an chlár oibre ealaíon atá i bhfeidhm cheana féin sa réigiún agus straitéis d’Fhorbairt na nEalaíon sa Ghaeltacht a fheidhmiú de réir na dtreoracha atá aontaithe. Tá sonraí poist ar fáil ar iarratas ach teagmháil a dhéanamh le hEalaín na Gaeltachta. Teil.: (074) 95 60100 R-phost: ealain@udaras.ie
Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine le cáilíochtaí i riaracháin na n-ealaíon nó cáilíochtaí ábhartha tríú leibhéal eile, mar aon le taithí dhá bhliain ar a laghad i bhforbairt agus i gcur chun cinn na n-ealaíon.
Ní mór d’iarratasóirí na scileanna / tréithe / an taithí seo a leanas a bheith acu:
- líofacht Gaeilge labhartha agus cruinneas Gaeilge scríofa
- saineolas i gcúrsaí riaracháin agus forbairt na n-ealaíon
- saineolas ar chomhthéacs agus polasaithe do na healaíona in Éirinn
- saineolas i láimhseáil agus ag obair sna meáin digiteach
- cumas maith eagrúcháin agus riaracháin
- sárscileanna cumarsáide
- sárscileanna ríomhaireachta
- tuiscint ar chuntasaíocht / leabharchoimeád
- ceadúnas glan tiomána
Íocfar tuarastal de réir cáilíochtaí agus taithí.
Seol iarratas, mar aon le CV, chuig:
An Rúnaí, Ealaín na Gaeltachta Teo., Údarás na Gaeltachta, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair,
Doire Beaga, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall tráth nach déanaí ná 4.00 i.n. ar an Aoine,
7ú Aibreán 2016.
Teil.: (074) 95 60100 R-phost: ealain@udaras.ie
- Posted in Nuacht, Folúntais
- Continue Reading »
Rachel Holstead ceaptha mar Áisitheoir Ealaíon do Réigiún an Tuaiscirt
Tá áthas ar Ealaín na Gaeltachta a fhógairt go mbeidh an Dr. Rachel Holstead ag feidhmiú mar Áisitheoir Ealaíon i dTír Chonaill as seo go ceann bliana. Is as Ceann Trá i gceantar Chorca Dhuibhne do Rachel ó dhúchas. Is cumadóir ceoil aitheanta í agus chaith sí tréimhse ag obair leis an gComhairle Ealaíon agus mar chomhairleoir ealaíona neamhspleách. Bhí sí ar bhord an Cheoláras Náisiúnta agus tá sí gníomhach i dtograí ealaíona ar bhunús áitiúil ina ceantar dúchais. Guímíd gach rath ar Rachel ina post nua.
- Posted in I bhfócas, Nuacht, Scéalta eile, Folúntais
- Continue Reading »
Fógra Poist: Áisitheoir Ealaíon do Ghaeltacht Thír Chonaill(ar chonradh bliana)
Tá Ealaín na Gaeltachta Teo., (fochomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta), ag tairiscint conradh bliana mar Áisitheoir Ealaíon i nGaeltacht Thír Chonaill. Beidh an té a cheapfar lonnaithe in oifig Údarás na Gaeltachta sna Doirí Beaga agus beidh sé de chúram air / uirthi tógáil ar an chlár oibre ealaíon atá i bhfeidhm cheana féin sa réigiún agus straitéis d’Fhorbairt na nEalaíon sa Ghaeltacht a fheidhmiú de réir na dtreoracha atá aontaithe. Tá sonraí poist ar fáil ar iarratas ach teagmháil a dhéanamh le hEalaín na Gaeltachta. Teil.: (074) 9560100 R-phost: ealain@udaras.ie
Fáilteofar roimh iarratas ó dhaoine le cáilíochtaí i riaracháin na n-ealaíon nó cáilíochtaí ábhartha tríú leibhéal eile, mar aon le taithí dhá bhliain ar a laghad i bhforbairt agus i gcur chun cinn na n-ealaíon.
Ní mór d’iarratasóirí na scileanna / tréithe / an taithí seo a leanas a bheith acu:
- líofacht Gaeilge labhartha agus cruinneas Gaeilge scríofa
- saineolas i gcúrsaí riaracháin agus forbairt na n-ealaíon
- saineolas ar chomhthéacs agus polasaithe do na healaíona in Éirinn
- saineolas i láimhseáil agus ag obair sna meáin digiteach
- cumas maith eagrúcháin agus riaracháin
- sárscileanna cumarsáide
- sárscileanna ríomhaireachta
- tuiscint ar chuntasaíocht / leabharchoimeád
- ceadúnas glan tiomána
Íocfar tuarastal de réir cáilíochtaí agus taithí.
Seoltar iarratais, mar aon le CV, chuig:
An Rúnaí, Ealaín na Gaeltachta Teo, Údarás na Gaeltachta, Páirc Gnó Ghaoth Dobhair,
Co. Dhún na nGall,
tráth nach déanaí ná 4.00 i.n. ar an Aoine, 28 Deireadh Fómhair, 2016.
Teil: (074) 9560100 R-phost: ealain@udaras.ie
- Posted in Folúntais
- Continue Reading »