Fógra Poist: Áisitheoir Ealaíon do Ghaeltacht Thír Chonaill(ar chonradh bliana)

Tá Ealaín na Gaeltachta Teo., (fochomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta), ag tairiscint conradh bliana mar Áisitheoir Ealaíon i nGaeltacht Thír Chonaill. Beidh an té a cheapfar lonnaithe in oifig Údarás na Gaeltachta sna Doirí Beaga agus beidh sé de chúram air / uirthi tógáil ar an chlár oibre ealaíon atá i bhfeidhm cheana féin sa réigiún agus straitéis d’Fhorbairt na nEalaíon sa Ghaeltacht a fheidhmiú de réir na dtreoracha atá aontaithe. Tá sonraí poist ar fáil ar iarratas ach teagmháil a dhéanamh le hEalaín na Gaeltachta. Teil.: (074) 9560100 R-phost: ealain@udaras.ie

Fáilteofar roimh iarratas ó dhaoine le cáilíochtaí i riaracháin na n-ealaíon nó cáilíochtaí ábhartha tríú leibhéal eile, mar aon le taithí dhá bhliain ar a laghad i bhforbairt agus i gcur chun cinn na n-ealaíon.

Ní mór d’iarratasóirí na scileanna / tréithe / an taithí seo a leanas a bheith acu:

  • líofacht Gaeilge labhartha agus cruinneas Gaeilge scríofa
  • saineolas i gcúrsaí riaracháin agus forbairt na n-ealaíon
  • saineolas ar chomhthéacs agus polasaithe do na healaíona in Éirinn
  • saineolas i láimhseáil agus ag obair sna meáin digiteach
  • cumas maith eagrúcháin agus riaracháin
  • sárscileanna cumarsáide
  • sárscileanna ríomhaireachta
  • tuiscint ar chuntasaíocht / leabharchoimeád
  • ceadúnas glan tiomána

Íocfar tuarastal de réir cáilíochtaí agus taithí.

Seoltar iarratais, mar aon le CV, chuig:

An Rúnaí, Ealaín na Gaeltachta Teo, Údarás na Gaeltachta, Páirc Gnó Ghaoth Dobhair,
Co. Dhún na nGall,

tráth nach déanaí ná 4.00 i.n. ar an Aoine, 28 Deireadh Fómhair, 2016.
Teil: (074) 9560100 R-phost: ealain@udaras.ie

Free Web Hosting