Tacaíocht atá ar Fáil
Fógraíonn Ealaíon na Gaeltachta scéimeanna éagsúla gach bliain: Scéim na bhFéilte, agus Scéim na bPríomhréimsí. Is féidir iarratas a dhéanamh ar an Scéim Síol (mionthograí, imeachtaí, oiliúint & ar eile) am ar bith. Tá gach eolas ar scéimeanna Ealaín na Gaeltachta le fáil óna háisitheoirí Ealaíne.
-
Oíche Chultúir sa Ghaeltacht – 2017
Deadline: Friday 14th July 2017/Spriocdháta: Dé hAoine, 14 Iúil 2017.
Tá Ealaín na Gaeltachta ag lorg léirithe suime do thograí a bheidh mar chuid
d’Oíche Chultúir sa Ghaeltacht 2017, Dé hAoine 22 Meán Fómhair 2017Níl aon teorann leis na himeachtaí go bhféadfaí a reáchtáil don Oíche Chultúir ach cuirfidh muid fáilte faoi leith i mbliana roimh smaointe agus imeachtaí leis an téama “Guth go Dubh”- samhlaigh imeachtaí a bhaineann leis an nguth fisiciúil, guth an cheantar, guth na hamhráin, guth na litríochta, guth an tírdhreach, nó guthanna de chineálacha eile.
Is ócáid ollmhór bliantúil í an Oíche Chultúir a thugann ardán do shaol cultúrtha na tíre seo agus a thugann deis faoi leith do shaoránaigh na tíre freastal ar imeachtaí cultúrtha, ealaíona, agus oidhreachta saor in aisce in aon tráthnóna amháin óna 5.in ar aghaidh.
Spriocdháta: Dé hAoine, 14 Iúil 2017.
Foirm Iarratais Oíche Chultúir 2017Breis eolais agus foirmeacha iarratais le fáil ó hÁisitheoirí Ealaíon, Ealaín na Gaeltachta (Teo). Sonraí le fáil ar www.ealain.ie
- Tuilleadh eolais agus foirm iarrtais le fáil óna háisitheoirí ealaíne.
-
Scéim Sparánachta Ealaín na Gaeltachta 2017
Spriocdháta: 29 Meán Fómhair 2017
Fill go luath do shonraí Scéim 2017.
Scéim Sparánachta sna hEalaíon: Scéim atá dírithe ar thacaíocht a chur ar fáil d’Ealaíontóirí i bhforbairt a gcleachtas ealaíona.
Scéim Sparánachta Critéir 2016
Scéim Sparánachta Foirm Iarratais 2016
Spriocdháta: Dé hAoine 29 Meán Fómhair 2017.Tuilleadh eolais maidir le foirm iarratais, critéar srl. ar fáil ó na hÁisitheoirí Ealaíon ag na seoltaí thíos nó ar www.ealain.ie :
- Tuilleadh eolais agus foirm iarrtais le fáil óna háisitheoirí ealaíne.
-
Scéim Forbartha na nEalaíon – Síol
Tá an scéim seo oscailte/The scheme is open
Scéim Forbartha na nEalaíon – Síol: Cuirfear fáilte roimh iarratais ó dhaoine aonair agus ó ghrúpaí ar suim leo mionthionscadail nó tosaíochta ealaíon a fhorbairt. (m.sh, forbairt gairme agus oiliúint faoi leith, tacaíocht le seoladh dlúthdhiosca, réiteach taispeántais, trealamh, cothú imeachtaí beaga, féilte beaga ealaíona, srl). Spriocdháta leanúnach.
- Tuilleadh eolais agus foirm iarrtais le fáil óna háisitheoirí ealaíne.
-
Scéim na bhFéilte, 2017
Spriocdháta: 7 Aibreán 2017
Scéim na bhFéilte Ealaíon 2017: Cuirfear fáilte roimh iarratais ó ghrúpaí ar suim leo féilte ealaíon a fhorbairt/a sholáthar sa Ghaeltacht.
-
Scéim na bPríomhréismí, 2017
Spriocdháta: 7 Aibreán 2017
Scéim faoinar ndéantar forbairt straitéiseach ar ghnéithe éagsúla a chuirfidh le hinfreastruchtúr na n-ealaíon sa Ghaeltacht’ *Tá leibhéal maoinithe na scéime seo teoranta agus tabharfar tús áite do na tograí sin atá ag feidhmiú faoin scéim seo cheana féin.
.
Tuilleadh eolas le fáil ón aisitheoirí ealaíne.
-
Conas ár dtacaíocht a aithint/How to acknowledge our support
Is coinníoll deontais é go dtabharfar aitheantas poiblí do thacaíocht an Údaráis agus na Comhairle Ealaíon trí Ealaín na Gaeltachta Teo., don togra. Mura ndéantar é seo ag gach céim den togra do shástachta na maoinitheoirí, ní bheidh aon rogha ach céatadán áirithe den ndeontas a choimeád siar. Tá treoir ar na cúrsaí seo le fáil ag na naisc thíos, agus tá na logos ar fáil le íosloadáil.
Léigh níos mó Treoir maidir leis an nGaeilge , Treoir maidir le haitheantas poibil. agus logos.
-
Cé a bhfuair maoiniú? / Who we have funded?
Liosta de na grúpaí a bhfuair tacaíocht faoi scéimeanna Ealaín na Gaeltachta.
Liosta de na grúpaí a bhfuair tacaíocht faoi scéimeanna Ealaín na Gaeltachta le fáil thíos.