Taispeántas dealbhóireachta leis an Cosán Glas

An Cosán Glas – Cosán dealbhóireachta

Aonad 1 Páirc Ghnó an Fhál Carraigh agus i láthair éagsúla ar fud an bhaile.

Dé Satharn 23 Iúil agus Domhnach 24 Iúil.

Dealbha áille, lasta lonnaithe in aonad tionsclaíochta – is tionscadal nua é seo don Cosan Glas. Cuireann An Cosán Glas taispeántas den scoth ar siúl, i láthair draíochta. Mealltar na céadta daoine go dtí a gcuid taispeántas agus cuireann na dealbha an lucht féachana faoi gheasa ! Beidh an taispeantas seo mar cheann de bhuacphointí Festifál, Féile an Fhál Carraigh.

cosan glas7


Traidphicnic, an Spidéal, 2016

An Spideál, Co. na Gaillimhe

Dé hAoine 1 – Domhnach 3 Iúil, 2016..

Is é seo an cúigiú bliain ag an bhFéile Traidphicnic, féile ceoil thraidisiúnta faoin aer atá suite timpeall Ceardlann an Spidéil. Tá na himeachtaí ar fad saor in aisce agus tá fáilte roimh chuile dhuine teacht agus taitneamh a bhaint as na gigeanna, na seisiúin cois tine, na himeachtaí ealaíon, na taispeántais agus na himeachtaí ildánacha eile.

I measc na gceoltóirí a bheidh páirteach tá: Noel Hill agus Steve Cooney, Kila, Don Stiffe & Cairde, clann uí hIarnáin, Porterheadagus go leor eile. Tá clár láidir ealaíona curtha le chéile freisin.

xx


Féile na Bealtaine, An Daingean, Co Chiarraí.

An Daingean, Co. Chiarraí.

28 Aibreáin -2 Bealtaine, 2016.

Cuireann Féile na Bealtaine le healaíona agus le saibhreas culthúra na leithinise. Is í ardaidhm na féile ná ár léaslínte ealaíne a leathnú agus siamsaíocht a chur ar fáil do chách. Is iad aidhmeanna eile na féile ná an oidhreacht seo a chur chun cinn agus fáilte a chur roimh ealaín agus ealaíontóirí ó áiteanna éagsúla in Éirinn agus ar domhan.

fc3a9ile-na-baeltaine


Scoil Cheoil an Earraigh, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí

Déardaoin 18- Domhnach 22 Feabhra, 2015..

Scoil Cheoil Thraidisiúnta thar thréimhse cúig lá a dhíríonn aird faoi leith ar cheol, ar stíl agus ar amhráin thraidisiúnta Chorca Dhuibhne.

Bíonn cuid de na ceoltóirí is aitheanta sa tír páirteach. Bíonn raidhse de cheolchoirmeacha, seisiúin, ceardlanna agus ranganna.

Beidh siad chugainn ó Shasana, Alba, An Bheilg & an Rúis fiú! Cé eile a bheidh ann? An mbeidh tusa?

.

1451502_10153885318690721_1071445418_n


Ealaín na Gaeltachta: Iarratas á lorg: Scéim Síol, 2015.

Scéim Síol, 2014

Is féidir iarratais a dhéanamh ar an scéim seo am ar bith sa bhliain.

Scéim leanúnach straitéiseach dírithe ar shíolrú na nealaíon sa Ghaeltacht. Mar shampla: tacaíocht do sheoladh imeachtaí, réiteach taispeántas, forbairt gairme, cothú ócáidí agus imeachtaí beaga a chuirfeadh le forbairt na nealaíon trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht.


Uasmhéid maoinithe €1,500.


Tuilleadh eolais agus foirm iarratais le fáil óna áisiteoirí ealaíne:-

www.ealain.ie/contact-us

ealain-na-gaeltachta-logo



Ealaín na Gaeltachta: Iarratas a lorg d’Oíche Chultúir, 2016

Oíche Chultúir, 2016

Spriocdháta: Dé hAoine 29 Iúil, 2016.

Léirithe suime á lorg do thograí a bheadh mar chuid d’Oíche Chultúir a bheidh ar siúl ar an Aoine, 16 Meán Fómhair 2016.

Is ócáid ollmhór bliantúil í an Óiche Chultúir a thugann árdán do shaol cultúrtha na tíre seo agus a thugann deis faoi leith do shaoránaí na tíre freastail ar imeacthaí cultúrtha, ealaíona agus oidhreachta saor in aisce in aon oíche amháin ón 5.00 pm ar aghaidh


Foirm Iarratais ar fáil anseo:-

Oíche Chultúir foirm iarratais 2016


Tuilleadh eolais le fáil óna áisitheoirí ealaíne:-

www.ealain.ie/contact-us


Culture Night Logo Irish on white AW



Ealaín na Gaeltachta: Iarratas á lorg do Sceim na bPríomhréimsí, 2015

Scéim na bPríomhréimsí, 2015

Spriocdháta: Dé Luain 2 Márta, 2015.

Scéim faoinár ndéantar forbairt straitéiseach ar ghnéithe éagsúla a chuirfidh le hinfreastruchtúr na n-ealaíon sa Ghaeltacht’ *Tá leibhéal maoinithe na scéime seo teoranta agus tabharfar tús áite do na tograí sin atá ag feidhmiú faoin scéim seo cheana féin.


Foirm iarratais agus critéar le fáil anseo:

Scéim na bPríomhréimsí 2015 Criteria and Application Form

Tuilleadh eolais le fáil óna áisiteoirí ealaíne:-

www.ealain.ie/contact-us

ealain-na-gaeltachta-logo



Ealaín na Gaeltachta: Iarratais á lorg do Scéim na bhFéilte, 2015


Loinneog Lúnasa – Féile Cheoil Ghaoth Dobhair

3- 8 Lúnasa, 2015.

Is féile í seo a déanann ceiliúradh ar an dúchas mór ceoil agus traidisiún chultúrtha atá le brath i gceantar Ghaoth Dobhair. Níl ceantar ar bith in Éirinn a bhí mar thobar do cheoltóirí traidisiúnta céiliúla agus tugann an fhéile léargas ar an shaibhreas ceoil. !

13346540_1032216436872848_3907755190826920265_n


Free Web Hosting