Rachel Holstead ceaptha mar Áisitheoir Ealaíon do Réigiún an Tuaiscirt
Tá áthas ar Ealaín na Gaeltachta a fhógairt go mbeidh an Dr. Rachel Holstead ag feidhmiú mar Áisitheoir Ealaíon i dTír Chonaill as seo go ceann bliana. Is as Ceann Trá i gceantar Chorca Dhuibhne do Rachel ó dhúchas. Is cumadóir ceoil aitheanta í agus chaith sí tréimhse ag obair leis an gComhairle Ealaíon agus mar chomhairleoir ealaíona neamhspleách. Bhí sí ar bhord an Cheoláras Náisiúnta agus tá sí gníomhach i dtograí ealaíona ar bhunús áitiúil ina ceantar dúchais. Guímíd gach rath ar Rachel ina post nua.