Oiliúint

Drámadóir Cónaitheach na Gaeltachta faoi lán tSeoil

Beartla O FlathartaTá Drámadóir Cónaitheach Ealaín na Gaeltachta Teo, Beartla Ó Flatharta ar an mbóthar le cúpla mí anuas agus é ag tabhairt an-spreagadh agus comhairle do chumainn drámaíochta pobail ó cheann ceann na Gaeltachta, ag tacú leo barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna drámaíochta.

Léiritheoir, teicneoir agus scríbhneoir amharclannaíochta gairmiúil, ní strainséir é Beartla Ó Flatharta i measc pobail drámaíochta na Gaeltachta agus na Gaeilge. Tá blianta caite aige ag plé le cúrsaí drámaíochta agus taithí na mblianta aige mar mholtóir, mar áisitheoir agus mar theagascóir drámaíochta le daoine óga & le daoine fásta.

Bronnadh gradaim éagsúla air thar na mblianta, gradaim léiritheoireachta agus aisteoireachta ag féilte drámaíochta áitiúla & náisiúnta leis an gComhlachas Náisiúnta Drámaíochta, ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus tá gradaim bainte amach aige do scoileanna ag Féilte Scoildrámaíochta, áitiúil, réigiúnda & náisiúnta chomh maith.

Baineann an Drámadóir Cónaitheach leis an togra Garraí an Ghiorria, togra a d’eascair as maoiniú a bhronn An Chomhairle Ealaíon ar Ealaín na Gaeltachta (Teo) agus ar a bpáirtnéirí, Comhairle Chontae Dhún na nGall, Lár Ionad Léiriúcháin agus Drámaíochta in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe, le dul i mbun togra straitéiseach dírithe ar fhorbairt ealaíontóirí Gaeltachta sna taibhealaín agus ar chothú na drámaíochta Gaeilge.

Tá an-ghliondar ar Ealaín na Gaeltachta Teo a bheith ag obair le Beartla Ó Flatharta agus beidh Beartla páirteach ins an gcéad ghné eile den togra a bheidh ag tarlú i Mí Deireadh Fómhair seo chugainn. Beidh deis anseo do dhá thaibhealaíontóir gairmiúla déag as an Ghaeltacht nó a bhfuil Gaeilge acu theacht le chéile do dhá chlár spreagúla drámaíochta, ceann faoi stiúir Micheal Keegan Dolan ó Fabulous Beast/ Teaċ Daṁsa agus ceann leis an gcomhlacht amharclainne, Song of The Goat, ón Pholainn.

Breis eolais: Ealaín na Gaeltachta Teo ag 091503100 ealain@udaras.ie


Ceardlann Agallamh Beirte & Lúibíní i gCorca Dhuibhne

Beidh an dara cheardlann atá a reáchtáil ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne ar siúl ón Aoine go dtí’n Satharn seo 24-25 Márta i mBaile an Fheirtéaraigh sa Lárionad Gaeilge agus Gaeltachta. Ceardlann a thabharfaidh deis do rannpháirtithe taithí praiticiúil a fháil i mbun cumadh na nAgallamh Fileata. Is ceardlann do dhaoine fásta é seo.
Stiúrthóirí Breanndán Mac Gearailt agus Aodh Ó Dómhnaill
Gach eolas ó Mháire – 066 9156100.


Gáirdín an Ghiorria

Deis forbartha do dhrámaíocht na Gaeilge sa Ghaeltacht

Tá maoiniú ceadaithe ag an Chomhairle Ealaíon d’Ealaín (na Gaeltachta) Teo. i gcomhair lena bpáirtnéirí , Comhairle Chontae Dhún na nGall, Lár Ionad Léiriúcháin agus Drámaíochta in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, chun tabhairt faoi scéim forbartha i ndrámaíochta na Gaeilge. Mar pháirt den scéim seo ar a dtugtar Gáirdín an Ghiorria, tá an stiúrthóir drámaíochta, Beartla Ó Flatharta (Rua) as Conamara ceaptha mar dhrámadóir cónaitheach ar feadh bliana. Mar chuid den obair a bheas ar siúl ag Beartla le linn na bliana, beidh freastal a dhéanamh aige ar riachtanais agus forbairt ghairmiúil i léiriúcháin drámaíocht na gcumainn drámaíochta sa Ghaeltacht. Beidh na ceardlanna á gcur ar fáil saor in aisce idir Mí Márta agus Mí na Samhna 2017.

Seo thíos samplaí don tacaíocht go d’fheadfaí a chur ar fáil:

  • Ceardlanna le léiritheoirí agus stiúrthóirí amharclannaíochta a fhorbairt.
  • Oiliúint teicniúil, mar shampla, soilsiú agus fuaim, agus mar ar féidir an teicneolaíocht a úsáid i léiriúcháin.
  • Forbairt ón script go stáitse – deis chun ábhar a thástáil. Bheadh an drámadóir Cónaitheach ag freastal ar chleachtaidh agus ag tabhairt moltaí & ceardlanna más gá le tacú le léirithe.
  • Léirmheas forbartha a dhéanamh ar dhrámaí atá le dul ar stáitse.
  • Ceardlanna aisteoireachta (teilgean gutha, téamh suas, stíleanna aisteoireachta agus rl)
  • Oiliúint teicniúil mar shampla, soilsiú agus fuaim, agus mar ar féidir an teicneolaíocht a úsáid i léiriúcháin.
  • Comhairliúcháin ar ghrúpaí , comhairliúchán 1-1 le daoine aonarach.

Beartla Ó Flatharta: Is as An Gleann Mór, An Cheathrú Rua do Bheartla. Drámadóir, léiritheoir & stiúrthóir Amharclannaíochta. Is stiúrthóir teilifíse é chomh maith. Údar drámaíochta. Meantóir & comhairleoir Drámaíochta don stáitse & teilifís. Moltóir & léirmheastóir drámaíochta ar Fhéiltí Drámaíochta leis an gComhlachas Náisiúnta Drámaíochta & Féiltí Scoildrámaíochta. Bainisteoir teicniúil & soilsitheoir. Léiritheoir ar dhrámaí don stáitse do dhaoine óga, compántais amaitéaracha & gairmiúla.

Más cumann drámaíochta Gaeltachta sibh agus suim agaibh i dtréimhse oiliúna faoi stiúir an drámadóir Beartla Ó Flatharta (Rua) téigh i dteagmháil le Áisitheoir Ealaíon, Ealaín (na Gaeltachta) Teo. i do cheantar roimh an 28 Feabhra.


Cúrsa -Conas gearrfhíseáin a léiriú don idirlíon.

Ealaín na Gaeltachta i gcomhar leis an rannóg cumarsáide, Acadamh na hOllscolaíochta, Gaoth Dobhair.

Is é cuspóir an chúrsa nó rannpháirtithe a chumasú le gearrfhíseáin a thaifeadadh, eagarthóireacht a dhéanamh agus ábhar físe a chur in oiriúint do na meáin shóisialta (youtube, facebook, srl.).

Foghlaimeoidh na rannpháirtithe conas scéal a phleanáil; Scileanna ceamara; Bunscileanna agus teicnící a bhaineann le taifead (ceamara, fuaim, soilsiú, srl.); Taifid ar na hardáin éagsúla (DSLR, gnáthcheamara físeáin; fóin phóca; srl.);Eagarthóireacht; Conas físeáin a uaslódáil ar-líne & na bealaí is fearr chun aird a tharraingt orthu ar an idirlíon.

Cúrsa dhá lá atá i gceist. Beidh sé ar siúl in dhá ionad éagsúil

Dé Máirt 17 Samhain: Brú Óige an Earagail, Dun Lúiche @9.30 am
Dé Céadaoin 18 Samhain: Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaoth Dobhair@9.30 am

1461224_847452495298959_9101745264009060023_n


Free Web Hosting