Nuacht

Scéimeanna Ealaín na Gaeltachta 2017 fógraithe

Scéim na bPríomhréimsí 2017

Scéim faoinar ndéantar forbairt straitéiseach ar ghnéithe éagsúla a chuirfidh le hinfreastruchtúr na n-ealaíon sa Ghaeltacht.

*Tá leibhéal maoinithe na scéime seo teoranta agus tabharfar tús áite do na tograí sin atá ag feidhmiú faoin scéim seo cheana féin.

Spriocdháta: Dé hAoine 7 Aibreán 2017

 

Scéim na bhFéilte Ealaíon 2017

Cuirfear fáilte roimh iarratais ó ghrúpaí ar suim leo féilte ealaíon a fhorbairt/a sholáthar sa Ghaeltacht.

Spriocdháta: Dé hAoine 7 Aibreán 2017

 

Scéim Síol: (uasmhéid maoinithe €1,000).

Cuirfear fáilte roimh iarratais ó dhaoine aonair agus ó ghrúpaí ar suim leo mionthionscadail nó tosaíochta ealaíon a fhorbairt. (m.sh, forbairt gairme agus oiliúint faoi leith, tacaíocht le seoladh dlúthdhiosca, réiteach taispeántais, trealamh, cothú imeachtaí beaga, féilte beaga ealaíona, srl). Spriocdháta leanúnach.

Tuilleadh eolais maidir leis na scéimeanna seo go léir, foirm iarratais, critéar srl. ar fáil ó na hÁisitheoirí Ealaíon réigiúnacha.


Gáirdín an Ghiorria

Deis forbartha do dhrámaíocht na Gaeilge sa Ghaeltacht

Tá maoiniú ceadaithe ag an Chomhairle Ealaíon d’Ealaín (na Gaeltachta) Teo. i gcomhair lena bpáirtnéirí , Comhairle Chontae Dhún na nGall, Lár Ionad Léiriúcháin agus Drámaíochta in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, chun tabhairt faoi scéim forbartha i ndrámaíochta na Gaeilge. Mar pháirt den scéim seo ar a dtugtar Gáirdín an Ghiorria, tá an stiúrthóir drámaíochta, Beartla Ó Flatharta (Rua) as Conamara ceaptha mar dhrámadóir cónaitheach ar feadh bliana. Mar chuid den obair a bheas ar siúl ag Beartla le linn na bliana, beidh freastal a dhéanamh aige ar riachtanais agus forbairt ghairmiúil i léiriúcháin drámaíocht na gcumainn drámaíochta sa Ghaeltacht. Beidh na ceardlanna á gcur ar fáil saor in aisce idir Mí Márta agus Mí na Samhna 2017.

Seo thíos samplaí don tacaíocht go d’fheadfaí a chur ar fáil:

  • Ceardlanna le léiritheoirí agus stiúrthóirí amharclannaíochta a fhorbairt.
  • Oiliúint teicniúil, mar shampla, soilsiú agus fuaim, agus mar ar féidir an teicneolaíocht a úsáid i léiriúcháin.
  • Forbairt ón script go stáitse – deis chun ábhar a thástáil. Bheadh an drámadóir Cónaitheach ag freastal ar chleachtaidh agus ag tabhairt moltaí & ceardlanna más gá le tacú le léirithe.
  • Léirmheas forbartha a dhéanamh ar dhrámaí atá le dul ar stáitse.
  • Ceardlanna aisteoireachta (teilgean gutha, téamh suas, stíleanna aisteoireachta agus rl)
  • Oiliúint teicniúil mar shampla, soilsiú agus fuaim, agus mar ar féidir an teicneolaíocht a úsáid i léiriúcháin.
  • Comhairliúcháin ar ghrúpaí , comhairliúchán 1-1 le daoine aonarach.

Beartla Ó Flatharta: Is as An Gleann Mór, An Cheathrú Rua do Bheartla. Drámadóir, léiritheoir & stiúrthóir Amharclannaíochta. Is stiúrthóir teilifíse é chomh maith. Údar drámaíochta. Meantóir & comhairleoir Drámaíochta don stáitse & teilifís. Moltóir & léirmheastóir drámaíochta ar Fhéiltí Drámaíochta leis an gComhlachas Náisiúnta Drámaíochta & Féiltí Scoildrámaíochta. Bainisteoir teicniúil & soilsitheoir. Léiritheoir ar dhrámaí don stáitse do dhaoine óga, compántais amaitéaracha & gairmiúla.

Más cumann drámaíochta Gaeltachta sibh agus suim agaibh i dtréimhse oiliúna faoi stiúir an drámadóir Beartla Ó Flatharta (Rua) téigh i dteagmháil le Áisitheoir Ealaíon, Ealaín (na Gaeltachta) Teo. i do cheantar roimh an 28 Feabhra.


Rachel Holstead ceaptha mar Áisitheoir Ealaíon do Réigiún an Tuaiscirt

Tá áthas ar Ealaín na Gaeltachta a fhógairt go mbeidh an Dr. Rachel Holstead ag feidhmiú mar Áisitheoir Ealaíon i dTír Chonaill as seo go ceann bliana.  Is as Ceann Trá i gceantar Chorca Dhuibhne do Rachel ó dhúchas.  Is cumadóir ceoil aitheanta í agus chaith sí tréimhse ag obair leis an gComhairle Ealaíon agus mar chomhairleoir ealaíona neamhspleách.  Bhí sí ar bhord an Cheoláras Náisiúnta agus tá sí gníomhach i dtograí ealaíona ar bhunús áitiúil ina ceantar dúchais.  Guímíd gach rath ar Rachel ina post nua.


Free Web Hosting